Ceaití Ní Bheildiúin

Ceaití Ní Bheildiúin

Ceaití Ní Bheildiúin

Tá trí chnuasach filíochta de chuid Cheaití foilsithe ag Coiscéim: Meirge an LaoichPúca Gan DealramhAn Teorainn Bheo. Chaith an file tréimhse ina scríbhneoir cónaitheach faoi scéim Ealaíontóir Cónaitheach Harry Clarke 2008 – 2009, sa Díseart, An Daingean, Co. Chiarraí, agus bhí sí gníomhach mar bhall de choiste An Fhéile Bheag Filíochta, féile bhliantúil dhátheangach i gCorca Dhuibhne, 2008–2015. Shaothraigh sí mar eagarthóir don leabhar sainiúil An Chraobh Óir: Festschrift don Ollamh, obair lámhdéanta in ómós don Mhonsignor Pádraig Ó Fiannachta (IMRAM 2011); agus bhí sí mar eagarthóir ar Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Léiríodh dhá ghearrdhráma óna peann in amharclann an LAB sa Daingean — Triúr (2013) agus Port na Mammies (2010). Mar thacaíocht dá cuid scríbhneoireachta, bronnadh sparánachtaí uirthi — Ealaín na Gaeltachta (2014), an Chomhairle Ealaíon (2010). Tá Duais Fhoras na Gaeilge 2015 i measc na ngradam a ghnóthaigh a dánta.

Three volumes of Ceaití’s poems have been published by Coiscéim: Meirge an Laoich, Púca Gan Dealramh, An Teorainn Bheo. She was writer-in-residence at the Díseart in Dingle, 2008-2009, and an active member of the Féile Bheag Filíochta committee, 2008–2015. She edited the uniquely handcrafted book of poetry in honour of Monsignor Pádraig Ó Fiannachta, An Chraobh Óir: Festscrift don Ollamh (IMRAM, 2011); and was editor of Crú Capaill: Dánta Mháirín Feirtéar (An Sagart, 2013). Two short dramas written by Ceaití have been successfully staged at the LAB theatre, Dingle. In support of her writing she was awarded a bursary by Ealaín na Gaeltachta (2014) and one by The Arts Council (2010). Duais Fhoras na Gaeilge 2015 is among the awards she has received for her poetry.