The Shortlisted poems for the Duais de hÍde 2017
Click on the poem title to read the poem
Celia de Fréine, Dublin IarfhocalEpilogue
Is file, drámadóir, scriptscríbhneoir, aistritheoir agus leabhrógaí í Celia de Fréine a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla. I measc na ngradam atá buaite aici dá cuid filíochta tá Duais Patrick Kavanagh (1994) agus Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004). Ocht gcnuasach filíochta atá foilsithe aici go dtí seo. Is iad cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) agus A lesson in Can’t (Scotus Press, 2014) na leabhair is deireanaí óna peann. Tá go leor duaiseanna Oireachtais buaite ag a cuid drámaí. www.celiadefreine.com
Celia de Fréine is a poet, playwright, screenwriter, translator and librettist who writes in Irish and English. Awards for her poetry include the Patrick Kavanagh Award (1994) and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht (2004). She has published eight poetry collections of poetry to date of which cuir amach seo dom : riddle me this (Arlen House, 2014), Blood Debts (Scotus Press, 2014) and A lesson in Can’t (Scotus Press, 2014) are her most recent. Her plays have won many Oireachtas awards.
Rody Gorman, Isle of Skye, Scotland
Lorg Shuibhne
Rody Gorman was born in Dublin, and now lives in the Isle of Skye, Scotland. He edits the anthology ‘An Guth’.
Ceaití Ní Bheildiúin, Trá Lí, Co. Chiarraí
D’ionú Taghta
Is scríbhneoir, múinteoir, ealaíontóir í Ceaití Ní Bheildiúin. Foilsíodh trí chnuasach filíochta dá cuid roimhe seo. D’oibrigh sí mar eagarthóir fuaime ar fhadscannáin, mar innealtóir fuaime le bannaí ceoil agus mar scannánaí ag tréimhsí leis.
Ceaití Ní Bheildiúin is a writer, a teacher, an artist. Three books of her Irish language poetry have been published. She has also worked as a sound editor on feature films, as a sound engineer and has made short and experimental films.
Bríd Ní Mhóráin, Trá Lí, Co. Chiarraí
Uaisle an tSléibhe
Tá cónaí ar Bhríd Ní Mhóráin sa Chom in Oirthear Dhuibhneach ó bhí sí ina cailín óg agus tá sí fostaithe mar fhile cónaitheach i bPobalscoil Chorca Duibhne ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne le tacaíocht Ealaín na Gaeltachta ó 2003.
Cúig chnuasach filíochta agus saothar próis, Thiar sa Mhainistir atá an Ghaolainn Bhreá, atá foilsithe aici.
Bríd Ní Mhóráin has lived in Camp, West Kerry, since she was a small child. She is employed by Oidhreacht Chorca Dhuibhne with support from Ealaín na Gaeltachta as poet in residence in Pobalscoil Chorca Dhuibhne since 2003.
She has published five poetry collections and one prose work.
Seosamh Ó Murchú, Co. Bhaile Átha Cliath Ruathar Anama / Soul-attack
Seosamh Ó Murchú was born in Wexford. A former editor of Comhar, he was a founder member and co-editor of the literary journal, Oghma 1989-1998. He has worked with publishers An Gúm since 1986 where he is Senior Editor. He is a former prizewinner at Strokestown and his first collection, Taisí Tosta was published by Coiscéim in 2015.
I Loch Garman a rugadh Seosamh Ó Murchú. Iareagarthóir ar Comhar is ea é agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir agus ina chomheagarthóir ar an irisleabhar liteartha, Oghma, 1989-1998. Ag obair leis na foilsitheoirí, An Gúm, atá sé ó 1986 mar a bhfuil sé ina Eagarthóir Sinsearach. Iardhuaiseoir ag Féile Bhéal na mBuillí é agus d’fhoilsigh Coiscéim a chéad chnuasach, Taisí Tosta, in 2015.
Micheál Ó Ruairc, Baile Átha Cliath Guth
Is as Bréanainn sa Leitriúch i gContae Chiarraí do Mhícheál ó dhúchas ach tá cónaí air i mBaile Átha Cliath ó 1980. Tá dhá cheann déag d’úrscéalta agus dhá chnuasach gearrscéalta i gcló aige sa Ghaeilge. Tá iliomad duaiseanna buaite aige dá chuid gearrscéalta agus úrscéalta Gaeilge.Tá ceithre chnuasach filíochta Gaeilge foilsithe agus ceann amháin as Béarla. Tá duaiseanna buaite aige as a chuid filíochta agus foilsíodh dánta dá chuid i ndíolaimí éagsúla. Tá filí clúiteacha aistrithe go Gaeilge aige, ina measc W.H. Auden, W.B. Yeats, Vasko Popa agus Thomas Hardy. Bhuaigh an bailiúchán filíochta is déanaí uaidh, ceann dhátheangach, Dambatheanga:Damlanguage (Arlen House, 2014) an chéad duais i gComórtais Liteartha an Oireachtais 2014.
Originally from Brandon in Co Kerry, Mícheál has been living in Dublin city since 1980. He is the author of twelve novels and two collections of short stories in the Irish language. He has won numerous awards for his short stories and novels in the Irish language. He has published four collections of poems in Irish and one collection in English. His poetry has won awards and has been included in a number of poetry anthologies. He has translated many well-known poets into Irish, including W.H. Auden, W.B. Yeats, Vasko Popa and Thomas Hardy. His most recent poetry collection, a bilingual one, Dambatheanga:Damlanguage (Arlen House 2014) won first prize in the Oireachtas Literary Competitions 2014.