Duais €500                     

 

Tá €500 á thairiscint mar dhuais don dán a bhuafaidh an comórtas seo sa bhliain 2017. Is é Cathal Ó Searcaigh a dhéanfaidh na dánta a mheas agus a phiocfaidh gearrliosta de sé dhánta as a roghnófar an buaiteoir. Fógrófar an buaiteoir le linn na féile filíochta ag deireadh Aibreáin 2017. Agus le linn na féile, beidh léamh dá c(h)uid féin á thairiscint don seisear ar an ngearrliosta, na léamhanna fite fuaite le léamhanna eile na féile, agus táille léite €200 ag dul leo. Is é Féile Idirnáisiúnta Bhéal Áth na mBuillí an fhéile filíochta dhátheangach is marthanaí sa tír, agus ainm in airde uirthi as ucht an mheascáin den dáiríreacht agus den neamhfhoirmeáltacht fáiltiúil is dual di. Mar sin bí ag scríobh leat. Táthar ag glacadh le iontrálacha ón Déardaoin 1ú Meán Fómhair, amach go dtí an 2ú Nollaig 2016. Is féidir bheith ag cur isteach dánta go luath agus go mall idir an dá linn!

Cliocáil anseo le haghaidh rialacha agus foirm iontrála

Click here for rules and entry forms