Duais de hÍde
Urraithe ag Conradh na Gaeilge
• Gearrliosta •
Celia de Fréine (Iarfhocal); Rody Gorman (Lorg Shuibhne); Ceaití Ní Bheildiúin (D’Ionú Tagtha); Bríd Ní Mhóráin (Uaisle an tSléibhe); Seosamh Ó Murchú (Ruathar Anama); Mícheál Ó Ruairc (Guth).
Beidh léamhanna dá gcuid féin ag na filí ar an ngearrliosta, fite fuaite le léamhanna eile na féile.
Cuirfidh Aodh Ó Coileáin, stiúrthóir, Fís na Fuiseoige, duais-scannán ar an nasc idir an fhilíocht agus an tírdhreach i láthair ag 4.30pm ar an Satharn.
Bronnfaidh Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Duais de hÍde, €500,
urraithe ag Conradh na Gaeilge ag 5.30 p.m.
ar an Satharn, 29 Aibreán i dTeach na Páirce.
Is í Féile Idirnáisiúnta Bhéal na mBuillí an fhéile filíochta dhátheangach is marthanaí sa tír.
http://www.strokestownpoetry.org/wp-content/uploads/2017/03/Festival-Programme-2017.pdf