Duais Filíochta Dhúbhglas de hÍde -The Douglas Hyde Irish Language Poetry Prize.

1st Prize – €500
5 shortlisted prizes of €100 each.

 

Competition Results
1st Prize Louis de Paor
2nd Prize Doireann Ní Ghriofa

Highly Commended Aedín Ní Ghadhra
Highly Commended Marcas Mac an Tuairneir

Aedín Ní´Ghadhra (L) with Eiléan Ní´Chuilleanáin (Judge)
Aedín Ní´Ghadhra (L) with Eiléan Ní´Chuilleanáin (Judge)

Shortlist 2016

Louis de Paor, Uachter Ard, Co. na Gaillimhe – “Tiocfaidh an Samhradh”.
Marcas Mac an Tuairneir, Inverness, Scotland – “Solas – Sraide”.
Marcas Mac an Tuairneir, Inverness, Scotland – “Yves”.
Aedín Ní Ghadhra, Belfast – “Mo Mhallacht Ort”.
Doireann Ní, Ghriofa, Ballincollig, Cork – “Scragall Stain”.
Doireann Ní Ghriofa, Ballincollig, Cork – “Breith”.

Louis de Paor
Tiocfaidh an samhradh

Deireadh Mheithimh. Caora neamhaibidh
Go tiubh ar ghas; mianach sneachtaidh
Sa leoithne ón bhfarraige. An fhearthainn
Stoptha le seachtain; leantóirí is tarracóirí
Ag broimnigh is ag gnúsacht ar bhóithrín.

Ba ag ligint orthu nach cuimhin leo
Scioból lofa an gheimhridh.
Níl sa tsaol, adeir a súile institiúidiúla
Is a n-eireabaill leisciúla
Ach crainn is luachair is cré,
Coinleach, cuileanna is sruthán uisce glé.

Tá lomairí féir fé dháir ar fud an eastáit,
Ag búirthíl os ard is gan faoiseamh le fáil;
Na goirt máguaird buíghlas is donnbhuí
Ón solas eitinneach, féar nuaghearrtha
Chomh lom le folt mná bearrtha
Go dtí an cnámh. Leigheas? Nó píonós?
Nó dúil mhillteach sa bhfaisean?

Tá na faoileáin ag clamhsán ó mhaidin
Go bhfuil boladh gáis ag sileadh
As póireanna aeir i gcistin éigin
Is gan éinne ag éisteacht.
Beidh thiar oraibh ar fad ar ball,
Adeirid, tréis ár gcuid rabhadh go léir.

Murach na faoileáin, ní rithfeadh sé
Le héinne gur baile cuain é seo,
Go bhfuil an talamh ar iasacht
Ón bhfarraige is go gcaithfidh
An sáile a chuid a fháil.

Ar an droichead cúng idir an eaglais
Agus teach na cúirte, tá slua ag faire
Ar na tomadóirí ag dul droim ar ais
San uisce, bróga fir ghrinn sa sorcas
Orthu, cleití éin ag cleitearnach
Sa doircheacht fo-thoinn.

Tá fear i leataoibh ón gcuid eile
Mar a bheadh sé teanntaithe
I dtaibhreamh is nach féidir leis
Labhairt ná cabhair a thabhairt
Do dhaoine ná haithníonn sé ó thalamh

Ach go bhfuilid ag brath air
Agus fós nach féidir leis corraí
Ná an bhéic atá greamaithe
Ina scornach thiar a ligint amach.
Is ait leis nár ghlaoigh a mhac
Tréis a ndúirt sé ag dul amach aréir.

Agus cá bhfios nach iad mo chosa
A bhí ag teacht idir mé is mo mhian,
Arsa’n cailín gur briseadh a droim
I mBerkeley? Tá taibhsí féir
Ag cuimilt mo bharraicíní i gcónaí,
Drúcht mhoch na maidine
Ag súgradh lem bhoinn.

An solas a chuardaigh sí thall,
Thug sí léi ina croí ag dul ann.
Is í an ghrian atá geallta
Is nár tháinig ó shin. Is fada linn
Go dtiocfaidh sí go hÉirinn,
An samhradh fillte ina baclainn.

Marcas Mac an Tuairneir
Solas-sràide

Tha am fòn na laighe fon chluasaig;
Balbh fad ceala-deug.

Seasaidh mi aig an doras le
Ceò eadar mo chorragan,
A’ coimhead air an uisge
A shileas tro ghathan bàn-dhearga
Nan solas-sràide.

Tha fios agam
Gu bheil thu ann an Inbhir Nis.
Ach ’s e inneal an diabhail
A dh’inns dhomh;

Ìomhaighean a’ cagarsaich
Eadar cadal is dùsgadh.

Marcas Mac an Tuairneir
Yves

Tha cuimhne orm,
Mar a shuidh e rim thaobh,
A’ dealbhadh craoibh,
Thar dhuilleag pàipeir mhòir.

Bhòrc romham
Dìomhaireachd.
Crann cian nan cànan,
Le gach teanga Eòraisia,
A’ tighinn bhon aon fhreumh.

Aedín Ní Ghadhra
Tá mé i mo chónaí i mBéal Feirste. Tá mé ag teagasc i nGaelscoil an tSeanchaí. Tá leabhar cócaireachta scríofa agam dár teideal “Gourmet Ní Ghadhra” a chuir Coiscéim i gcló i 2014.

I live in Belfast. I teach in Gaelscoil an tSeanchaí. I have written a cookery book entitled “Gourmet Ní Ghadhra” which Coiscéim published in 2014.

Aedín Ní Ghadhra
Mo Mhallacht Ort

Má fhaighim bás romhat – tiocfaidh mé ar ais chugat;
Cuirfidh mé na cupáin agus na plátaí ag damhsa i do theach.
Ní bheidh teacht agat ar eochracha do chairr.
Cuirfidh mé do mhadadh ag tafann (gan fáth)
i lár na hoíche – gach oíche.
Cuirfidh mé do chomhaid pháipéir in aimhréidh,
beidh na sonraiscí agus na billí i bhfolach agus ní bheidh teacht agat orthu.

Beidh mé i measc na bpréachán do do shíor choimhéad,
ón chrann sa ghairdín chúl le titim na hoíche.
Nuair a fhágann tú fuinneog ar oscailt- sciobfaidh mé do chuid fáinní
ón fhóchupán ar leac na fuinneoige sa chistin,
agus caithfidh mé amach san fharraige iad i nDún Droma.

Séidfidh mé leoithne sioctha ar chúl do mhuiníl
agus tú i do shuí ag ligint do scíth.
Feicfidh tú mé as ruball do shúl ach ní bheidh mé ann.
Beidh tú fuar go smior i lár an tsamhraidh,
agus tiocfaidh spuaiceanna ar do theanga mar gur inis tú bréaga fúm.

Doireann Ní Ghríofa
Is file í Doireann Ní Ghríofa a scríobhann as Gaeilge agus as Béarla araon. I measc na duaiseanna atá bronnta uirthi tá sparánacht Ollamh Filíochta na hÉirinn,Gradam Filíochta Mhichíl Uí hAirtnéide agus duais liteartha Wigtown (duais náisiúnta filíochta na hAlbain). Is é ‘Clasp’ an leabhar is déanaí óna peann.

Doireann Ní Ghríofa is a bilingual poet writing both in Irish and English. She was recipient of the Ireland Chair of Poetry Bursary 2015. Her third book ‘Clasp’ was shortlisted for the Irish Times Poetry Award 2016 and was awarded the Michael Hartnett Poetry Prize.

Doireann Ní Ghríofa – ‘Breith’

Filleann sé chugat
agus na málaí siopadóireachta
á fholmhú agat,
beartáin feoil fillte i bplaisteach
á carnadh agat sa chuisneoir —

an croitheadh i lámh an tréidlia
nuair a dúirt sé gur ar éigin
a shábháil sé an searrach
go raibh teipeadh
ar an slánú agus an tsrincne

stán tú ar an searrach, ansin,
í fós lag, corrach ar a cosa
ag tuisliú timpeall an sceach gheal
i gcroí an mhóinéir

agus líon d’aigne le híomhánna
dá bhás, de slincín rugtha righin,
fuar ó mhullach a cinn go crúibín

— filleann sé chugat anois, ar do ghlúine
ós comhair solas fuar an cuisneora
le beartáin feoil i do lámh agat,
fuar, dearg, marbh.

Doireann Ní Ghríofa – Scragall Stáin

scrolla fada airgid
srianta

i ngéibheann
an chófra,

ceangailte
i rannóir cairtchláir

le lann fiaclach
a sracann as

chun béal-béasaí
a chur ar bhabhlaí

agus ar phrócaí
an chuisneora —

saol beag,
bocht.

D’fhuasclóinn é, an scragall stáin. Dhéanfainn
abhainn as, lí mín liath scaoilte timpeall an tí.

Ag barr sléibhe an staighre, d’éireodh an fhoinse
i nGuagán Barra, agus as sin, scaoilfinn cláideach

uiscí geala an Laoi chun sníomh síos le fána,
ribín liath ag rith tríd an halla, faoi droichead an tolg,

scáileanna bric rua agus bradáin ag snámh
faoin duileasc inti. Ar oíche gealaí, sheasfadh

fear ar an mbruach lena mhac, soilse a sopóga
ag cíoradh an uisce. Nuair a chogródh an buachaill

“A thiarcais, tá an abhainn chomh slíomach le scragall stáin,”
chuirfeadh a athair méar lena bheola agus roghnódh sé duán.

Leanfadh na huiscí uathu, ag coradh timpeall na doirse
go cathair na cistine. Le faí agus fáir na faoileán thairsti,

scaoilfinn uiscí sciobtha a dhéanfadh oileáin de chosa boird
agus bruacha de bhallaí, a chuirfeadh glór na abhann

ag caiseadh faoi thóchair na cófraí, abhainn chathrach
déanta di, breac le scáileanna dorcha lannacha.

Chuirfinn rón aonair ar strae inti agus cailín óg rua
an t-aon duine amháin a d’fheicfeadh é.

Tharraingeoinn an abhann le h-ualach a scéal uilig
ina diaidh agus lúbfainn í siar chugam.

Craptha,
sractha,

cúlaithe,
d’fhillfinn

í ar ais
sa chófra

arís.