Prize winners announced
1. Mícheál Ó Ruairc Baile Átha Cliath Draighneach
2. Seosamh Ó Murchú Co. Bhaile Átha Cliath Uaigneas
3. Proinsias Mac a' Bhaird Co. Dhún na nGall Tost an Éisc

Ó chlé, Pádraic Ó Finneadha, Co. na Gaillimhe, Mícheál Ó Ruairc, Bréanainn Co. Chiarraí, agus Baile Átha Cliath, le Pat Compton, cathaoirleach na Féile Idirnáisiúnta Filíochta i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, ag Teach na Páirce, Béal na mBuillí, ar an 5 Bealtaine, tráth ar fógraíodh buaiteoir Dhuais de hÍde 2018.
Bhí breis agus céad fiche file istigh ar an gcomórtas Gaeilge seo, Duais de hÍde, atá urraithe ag Conradh na Gaeilge.
Tarlaíonn gur garmhac é Pádhraic Ó Finneadha ar chlé, a bhí ar an ngearrliosta, leis an bhfile pobail Pádhraic Learaí Ó Finneadha, agus b¹é seo a chéaduair ag cur isteach ar chomórtas scríbhneoireachta ar bith. Cad eile a bheadh ag déanamh tinnis don gharraíodóir líofa seo as Conamara ina dhán ŒRian Daonna¹ ach an dochar atá á dhéanamh ag an duine don éiceolaíocht, don dúlra!
File agus údar aitheanta é Mícheál Ó Ruairc, buaiteoir Dhuais de hÍde 2018, a mbeidh cnuasach nua filíochta dá chuid,
ŒTreaspásóir¹, á fhoilsiú ag Arlen House ar ball.
Sa dara háit, bhí Seosamh Ó Murchú, LochGarman agus Co. Átha Cliath, lena dhán coscrach ŒUaigneas¹. Bhí Proinsias
Mac an Bhaird as Árainn Mhór, Tír Chonaill, sa tríú háit le dán osréalach dar teideal ŒTost an Éisc¹, agus ar an ngearrliosta chomh maith bhí Ciarán Ó Coigligh, Duibhlinn, Peadar Ó hUallaigh, Corca Dhuibhne, agus Cluain Meala ó dhúchas,
agus Pádhraic Ó Finneadha, Conamara, mar a luadh cheana.
Colmán Ó Raghallaigh, cathaoirleach Choiste Dúiche Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge a bhronn Duais de hÍde thar ceann
an Chonartha. Ghabh sé buíochas le coiste Strokestown International Poetry Festival as an tacaíocht agus as an ardán a chuireann siad ar fáil do scríbhneoireacht na Gaeilge, agus bhí sé ag súil go dtabharfadh eagrais stáit na Gaeilge tacaíocht don bhFéile litríochta seo anois dá réir.
Duais de hÍde Shortlist 2018
Name of Poet |
From |
Name of poem |
Proinsias Mac a’ Bhaird |
Co. Dhún na nGall |
Tost an Éisc |
Ciarán Ó Coigligh |
Duibhlinn |
An Máistir |
Pádhraic Ó Finneadha |
Co. na Gaillimhe |
Rian Daonna |
Peadar Ó hUallaigh |
Co. Chiarraí |
Cuireadh |
Seosamh Ó Murchú |
Co. Bhaile Átha Cliath |
Uaigneas |
Mícheál Ó Ruairc |
Baile Átha Cliath |
Draighneach |
Duais de hÍde 2018
Competition now CLOSED, no longer accepting entries
Urraithe ag Conradh na Gaeilge
Príomhchomórtas Filíochta na Gaeilge
1ú Duais €600
2ú Duais €400
&
3ú Duais €300
Táillí léitheoireachta de €200
le haghaidh an triúir eile ar an ngearrliosta
Foilseofar na 6 dhán ón ngearrliosta ar:
Duanaire Bhéal na mBuillí 2018 / Strokestown Anthology 2018
Tús iontrála: 1 Meán Fómhair 2017
Dáta deiridh iontrála: 1 Nollaig 2017
Moltóir: Pádraig Mac Fhearghusa
Fógrófar an buaiteoir i mBéal na mBuillí, Co. Ros Comáin, ar an 5 Bealtaine 2018
Comórtas le haghaidh dánta i nGaeilge na hÉireann amháin é seo.
Táille iontrála: €6 an dán
Dánta 70 líne nó níos lú, nár foilsíodh cheana, atá de dhíth.

Pádraig Mac Fhearghusa
Pádraig Mac Fhearghusa was born in Ballineen, West Cork. He has edited many publications in Irish. An Clóchomhar published his first poetry collection, Faoi Léigear, in 1980. Mearcair (Coiscéim, 1996) and An Dara Bás (Coiscéim, 2002), were both awarded the Oireachtas Poetry Prize. Other books include a history of Conradh na Gaeilge in Kerry (1995) and Tóraíocht an Mhíshonais (The Pursuit of Unhappiness), an Irish-language introduction to Freud and Jung (1997). Geasa (2011) is his latest poetry collection. He served as president of Conradh na Gaeilge, 2008–2011. He edits the literary monthly, Feasta.
Rugadh Pádraig Mac Fhearghusa i mBéal Átha Fhinín in Iarthar Chorcaí i 1947. D’fhoilsigh an Clóchomhar a chéad leabhar filíochta, Faoi Léigear, i 1980. Ghnóthaigh na cnuasaigh Mearcair agus An Dara Bás príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais i 1996 agus 2002 fá seach. I measc na leabhar eile uaidh tá Conradh na Gaeilge i gCiarraí (1995) agus Tóraíocht an Mhíshonais, méar ar eolas ar Freud agus Jung (1997). Geasa, 2011, an cnuasach filíochta is déanaí uaidh. Bhí sé ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, 2008-2011. Tá sé ina eagarthóir ar an míosachán liteartha Feasta.