Ceaiti Ní Bheildiuin
Tá an ghaoth ag ardú sa Chom.
Abhainn ataithe trasnaithe agam,
scuabann an gála mé,
isteach go hascaill an ghleanna.
Gafa i ngreim camfheothain,
treoraítear mé timpeall timpeall ar mearbhall.
Ó thaobh an chnoic os mo chionn,
óna coma crochta féinig,
gáireann an chailleach.
Ag bualadh a basa preabann sí anuas sa rince
chun coipeadh is rothlú im ghaobhar.
Cóch eile sa chuilithe, beartaím éalú.
Mo chuid gruaige ina fuipí
ag lascadh mo leicne ar dalladh,
cromaim agus sáim mé féin
in aghaidh na gaoithe go diongbháilte.
Tá graí chapall gaoithe chugam
ag seitreach is ag cuachaíl,
a gcrúba troma meara ag réabadh na móna.
Bús bheithígh allta na doininne, ar mhullach a chéile
scaoilte im choinne ag an gcailleach.
Tá siad ag teannadh liom. Reoim
fad a ropann siad rompu le forneart,
ag sciorradh is ag scinneadh tharam,
a bpollairí spréite go grúsach ag mo chluasa.
Guth gliogach ag éirí ar an aer,
anfa gártha, máthair an achrainn
fós ag fógairt donais orm. Fanaim
le síothlú na gaoithe agus greadaim liom
ach má ghreadaim,
raidtear raiste báistí im aghaidh am ionsaí
le sleánna is le sceanna. Lúbaim im chruiteachán.
Níl cosc ar an gcith nó go stolltar mé.
Ag áth na habhann,
roinnt des na clocha corra imithe le sruth,
amach liom im théadchleasaí
ag síneadh mo chos fada thar na bearnaí,
ag léimt amhail frog.
Dhá thrian den chosán briste rianaithe agam
nuair a aithním scamall dorcha ag tuirlingt ón spéir.
Scréacha callánacha, cága cíardhubh im dheoidh,
ealta ingneach, chleiteach, chrúbach,
ag scrabhadh agus ag tabhairt fogha fúm.
Cleas na caillí féin foghlamtha agam,
daingním mo chosa i bhfeac
is buailim mo bhasa san aer.
Scaipeann na préacháin de ruaig reatha.
Priocaim liom go dtéarnaím ar bhruach na habhann.
Ní bhead im scroid áirneáin anocht agat, a chailligh.