January 9, 2016

Irish 2015

Duais Filíochta Dhúbhglas de hÍde – The Douglas Hyde Irish Language Poetry Prize  2015

1st Prize

TURAS – Pádraig Breandán Ó Laighin

 

Gluaiseann an bus ar aghaidh—

scuaine paisinéirí

ina seasamh i lár báire

a súile ag silleadh

ar an mbóthar mór rompu—

trí rithimí an aeir

mar leoithne ar ghrua lá meirbh

nó lasc ar bheola sa bhfuacht

an treas lá den ghaoth aduaidh

trí anfa a threascraíonn céadta

a luascann, a scuabann

corraíonn, suaimhníonn,

siollántacht sí gaoithe

a cheolann sna crainnte

a análann chugainn an bheatha

 

Stadann an bus

Iompaíonn meandar

an té chun tosaigh

lonraíonn gnúis

imíonn den bhus

 

Gluaiseann an bus ar aghaidh

tríd an mbáisteach a mheallann

an planda chun inmhe

is lus chun áilleachta

thar uisce ag triall ó lochán go haigéin

a bhascann le tuilte, a bhánn gan taise,

gur ag Reachlainn Uí Bhirn

a bhain díom col ceathar,

a leathann mar shneachta os cionn siocáin

a mheidhríonn cneas, a chuimlíonn ar uairibh

a riarann an tart i dtólamh

is nár bheo don éanlaith dá dhíobháil

 

Stadann an bus

Iompaíonn meandar

an té chun tosaigh

lonraíonn gnúis

imíonn den bhus

 

Gluaiseann an bus ar aghaidh

ar thalamh fódúil

trí mhachaire méith nár lagaíodh riamh

le treabhadh seaca ná fuirseadh báistí

thar chruithneacht is eorna is bearta brobh

is tríd an gcíor thuathail

a chruthaigh a chreathanna

is maidhmeanna fích

gona ngoimh nach leasaíonn

thar chrannóg dearmadta

is díog muice duibhe

Memento quia pulvis es

 

Stadann an bus

Iompaíonn meandar

an té chun tosaigh

lonraíonn gnúis

imíonn den bhus

 

Gluaiseann an bus ar aghaidh—

scuaine paisinéirí

ina seasamh i lár báire

a súile ag silleadh

ar an mbóthar mór rompu—

trí thine Bhealtaine is tine ghealáin

is tinte an chiméara ar lasadh ó chianaibh

thar thinte ifrinn is teampall Bholcáin

an teach dóite agus baile loiscthe

thar thine bheag a ghoras sa dúluachair

is tinte cnámh le ceol is gaol

agus sméaróid a mhaireann sa chroí

 

Stadann an bus

Iompaíonn meandar

an té chun tosaigh

lonraíonn gnúis         imíonn den bhus

 

Shortlisted

Cruthanna Clapsholais     Proinsias Mac a’ Bhaird

 

Nuair atá do sháith is tuilleadh ráite agat

gabh ag siúl ó Bhéal a’ Chraois go dtí na Tuarthaí

tóg ort cosán crochta an tsléibhe

le nach mbeidh de chuideachta agat

ach coiníní

le nach mbeidh de bheatha agat

ach blainsneog,

agus nuair nach bhfuil romhat ach an díle aneas

tiontaigh is tar aniar.

Déan mar seo go mbeidh dearmad déanta agat

cé acu Béal a’ Chraois nó na Tuarthaí do thriail,

déan go slogann an spéir thoir

an fharraige agus an cnoc

go n-ólann an caorán ballóga is bóithre.

Luigh síos sa fhraoch

is bí ag samhlú ansin sa chlapsholas,

tarraing chugat an cruth sin atá ar do mhuirnín

cruth an ruda sin atá ag éalú uait

an rud a shantaigh tú ó d’óige

cruth an ruda is gaire do do chroí

cruth toinne ag briseadh ar charraig

cruth treathlaigh ar an eiteog

cruth oileáin ag bun na spéire…

 

Is ar na cruthanna sin

agus is ar na cruthanna sin amháin

ar cheart duit labhairt feasta.

 

Lámha   Ceaití Ní Bheildiúin                                            

Lámh ar láimh

is lámha leanaí ina dtúr.

Dlúth is inneach.

Bain is fill,

chugat ón mbun,

téir ar an mbarra,

tarraing lámh suas

go headarbhuas

is anuas

arís ón spéir.

 

Fuadar ag éirí fúinn

ár lámha ag téamh

ina lopadán lapadán

méaradán mearbhaill!

Cruach lámh

ag flapáil

ar nós eití eitleogacha.

Cneas ar chneas,

liobair ar lapaí.

Glór.

 

Chonac claí lom tógtha

as clocha tirime inniu.

Eadar is idir na clocha

scór lámha ina luí:

lámha fear,

lámha saor na gcloch,

lámha an sclábhaí.

 

Molaim an chiotóg is an deasóg,

méaranta fada seanga

is ordóga cuartha tiubha;

lámha daingnithe ina dtaithí,

ina gceird is i bpíosaí ealaíne.

 

Stánaim anocht ar lámha mo mháthar

chomh geal le plástar bán,

fuar os cionn cláir.                                                                                                                Ceaití Ní Bheildiúin

 

 

MADRAÍ DUBHA     Bernadette Nic an tSaoir

 

Is maith liom Peig an peata

Í siúd i dtigh mo charad

An Newfie ceanúil dubh

Madra ciúin támáilteach a bhogann chugam

Is a luíonn go socair ach í a chuimilt

Ar an bhfionnadh deas slím

Is snas air le sástacht

 

Ní hamhlaidh don bhrúid de mhadra dubh

A thagann ag smúrthacht ar chúl an tí

Ní chífeá ach a scáth, an slíodóir sleamhain

Ag faire ar a sheans lena bhurla mór dubh

A bhrú isteach i lár an tí

Ní féidir é a ruaigeadh

An madra dubh gránna

A ghlacann seilbh

 

ar an dtigh

ar an gcorp

ar an meon

ar an meabhhair

 

Go gcaithim éalú go tigh mo charad

Go muintir álainn tí

Iad cneasta séimh is lán de spraoi

Mar a bhfuil Peig an peata

An Newfie ceanúil dubh

Is luím go socair mar í

Go gcloiseam arís an sceamh

Ag an mbrúid de mhadra dubh

Is go bhfeiceam arís a scáth

Ar chúl an tí

 

 

CAINT AN CHLÁIR  Seosamh Ó Murchú

 

Anseo taobh le Ceann Léime

ramhraíonn an t-am ina shéad-ala

go mbaineann tuisle as na cloig

is níl bealach a thomhaiste ann

ach ina choiscéimeanna malla.

 

Baineann na roscharraigeacha an anáil díom

Fíoch a gcoimpeartha ar ris do chách is

Uaill na buaice reoite ina riastar-roic.

 

Tá siosarnach na gcloch sa tsuaill

ag síorchur díobh a seanolagóin

ar lorg ál na canúna suain.

 

Ar Chnoc na gCeathrún bainim lán na súl

de Chill Bheathach is de Mhaigh Fhearta

Aniar aneas cloisim osna ón Trá Bhán.

Anseo thart íslím mo ghuth is

Cuirim cogar i gcluais na talún

Go scaoile sí arís a binnbhéadán.