Baile   

Duais Cholmcille 2007

colmcille logo

Breithiúna: Paddy Bushe agus Meg Bateman

Buaiteoirí:

1. Tadhg Ó Dúshláine, 'Ecce Homo'

2. Ceaití Ní Bheildiúin, 'Nead an Ghéibheannaigh'

3. Aonghas Mac Neacail, 'sphincs na sgìre'





Ceaití Ní Bheildiúin

Nead an Ghéibheannaigh


Ní de bhunadh na háite seo í
an slataire mná
atá ag béicigh i sciortaí na maidne
ar an dtráigh.
Ar bhuille tapaidh
tagann iascaire chuici
is eitlíonn an spéirbhean
go gob a naomhóige á stiúrú.

Sceitimíní atá uirthi,
a méar sínte
i dtreo paiste cúir
ina bhlúirí ag éirí ón bhfarraige.
Ag árdú na maidí rámha
ciúiníonn sí an bhóchna.
Tarraingíonn sí uchtán mór cúráin
istigh i mbolg na nae

Thar n-ais abhaile a úscann sí
a bruth ar an gcré.
Idir uafás agus iontas
stánann an t-iascaire uirthi.
Snapann sí ábhalsiosúr
as póca scóipiúil a gúna
is gearrann sí stráice
as canbhás na spéire.

Os cionn cuilt an tsobail
cóiríonn sí an bhraitlín úr.
Gan snáithe uirthi
dáileann sí misneach ar an bhfear.
Ólann sé é, le fonn.

An bolgam ag oibriú air,
deineann sé dreas rince timpeall an ghoirt
go dtagann sé ar chrann
ón a bpiocann sé úll.
De gheit, titeann slapairí an chrainn
ina bhfráma mór groí
thart ar an mbean
ina craiceann ina luí sa chúr.


Seán Hutton
Léann mo chara ‘The Life of the Otter’ le Thom Gunn

A shúile bríomhara
ag bogadh go díograiseach
anonn is anall thar na línte
i ngleic leis na focail iasachta
ar an leathanach
    á n-iniúchadh go mion
    is á scagadh
        d’fhonn ciall a bhaint astu.

Agus sruth casta na n-íomhánna
    is na smaointe
        á leanúint go géar aige
    feictear an tuiscint á nochtadh féin
    de réir a chéile
        go buacach
            sna súile gealgháireacha

                í le léamh ar an aoibh a leathann
                thar an éadan spéaclach mánla.

Ailtireacht líofa na bhfocal
ailceimic teanga
ag dul i bhfeidhm air
    is gluaiseacht lúbach mhacnasach na línte
    ar scáthán iad ar íomhá lárnach an dáin:

iomlat an dobharchú       
            atá gafa go hiomlán sa snámh           
               
istigh lena bheith
                sa bhomaite áirithe seo
                                                    nóiméad tarchéimnitheach an ionannais                       
idir gníomh agus instinn.   

Gluaiseacht shaoráideach chollaí
an débheathaigh lúfair             
    atá mar eiseamláir
    as bestiaire comhaimseartha
        á leanúint go fonnmhar
        ag an té coinsiasach
            meabhrach múinte seo
                ar deacair dó riamh
                a mhaide a ligean le sruth.



Aonghas MacNeacail

sphincs na sgìre

suidh thus’ ann a shin mar rìgh, mar sphincs na sgìre
taobh nan lasair mar gum b’ann leat am blàths, mar
gum b’ann dhut gach bòrd is làrbhrat anns an fhàrdaich

bu tu uachdaran an tighe seo, a dheanamh tràillean dhe
do thuath, gun aindeoin, gun nàire, dh’itheadh tu bradan
nach do ghlac thu, ’s tu ’m fiughar càirdeis gun chomain

mach leat a chullaich mhóir, coilion thusa do chùmhnant
shìos air lios làn a chàil, far a bheil na coineanaich nam
plàigh, an impis léir-sgrios a dheanamh air ar dùilean

seall iad, nan réisimeid deudach, air bhoile measg nan lus
gach clogaid mar chluas mhór, deanamh fanaid air ar suim,
’s iad a’ spealadh na gheall a ghrian dhuinn de rath is àille

ach b’fheàrr leatsa bhi ri d’ shùrd sporach ameasg nan eun
is do bhrogan croma teannachadh le sunnd air bìg a bhàis -
gun ghainne annlain romhad, ‘s minig do shealg na cleas

faiceams’ thu measg a ghlasraich, a charaid uasail, bì mar
sgalag freice air thòir nan creachadair suarach gun iochd,
faic iad, tomhais do leum is glac iad, coisinn do shlìobadh



the sphinx of the parish

you sit there like a king, like the sphinx of the parish
beside the sparks as if their warmth belonged to you, as
if each table and carpet in the place were laid for you

you are proprietor of this household, making slaves of
your tenants, without scruple or shame, you’d eat a salmon
you didn’t catch, expecting kindness without obligation

out with you, great tomcat, fulfil your own contract
down in the rich cabbage field, where the rabbits are
a plague, threatening destruction to our hopes

see that toothy regiment, lunatic among the leaves
their helmets like big ears mocking our self-respect,
scything all the sun promised us of wealth and beauty

but you prefer your sharp-clawed fun among the birds,
your arched boots friskily tracking the squeals of death -
with no shortage of food in store, your hunt is pure sport

let’s see you there among the vegetables, proud friend, be
a sentinel against those contemptible pitiless pillagers, see
them, measure your leap and pounce, earn your caresses



Tadhg Ó Dúshláine

Ecce Homo

‘A gcualaís’, arsa bean na nGort nDubh
liom an tseachtain seo d’imigh tharainn,
‘faoin bhfear sa Daingean,
ag stad an bhus,
laistiar de Super-Valu,
is é ag gol ó mhaidin inné,
is n’fheadar aoinne canathaobh?’

‘Tá Fungi curtha in áit na leathphingne aige,
is titim shuntasach sa scuaine atá ag tarrac ar an nDomhan fó Thoinn.
Tá an Maor Tráchta ag dul le craobhacha i lár an tranglaim
Is caithfear é a chur go Cill Airne.’

‘Léigh an sagart paróiste aifreann glanta na ndeamhan
Is chroith uisce coisreachan air, ó bhaitheas go bonn
Ach ní raibh go fiú comaoin an spideoigín de mhaitheas ann.’

‘Maíonn daoine áirithe go bhfacthas luan naofa os a chionn
Deir na dochtúirí go mba cheart ligean don ainniseoir bocht,
Gearánann lucht na hurdaí gurdaíos go bhfuil an bhean feasa aithnidiúil
Madame Zodiac, fágtha díomhaoin ag an seó bóthair seo ar fad.’

‘Chuir An Saol ó Dheas agallamh ar scata saineolaithe caointeoireachta
Ó ollscoileanna oirdhearca ár dtíre,
Faoin bhfeineiméin eitneolaíochta seo,
Ach fós táimid chomh dall is a bhíomar riamh
Ar fhios fátha na taispeána:
Cé hé, cad é, ná canathaobh?’

‘Ní chuireann ná ní bhaineann
Lucht gaimbín ná ceamaraí dá racht goil,
Nach tocht linbh, ná olagón seanóra, ná sianaíl mná sí é,
Ach glothar diamhair dínitiúil,
A thugann sunc don gcoinsias
A chuireann ceann fé ar gach aoinne
Is fonn abhaile orthu le náire.’

‘Ní raghaidh na Gardaí in aon ghaobhar dó
Faoi mar a bheidís faoi gheasa
Ina staic ag an dtimpeallán,
Eagla orthu go ndéanfaidís sárú tearmainn
A tharraingeodh mallacht ar sheacht nglún dá muintir.’

‘Shín seanbhean lámh chúnta go cineálta ina threo
Is faoi mar theagmhaigh leis thug féith na caointeoireachta léi,
D’fhág ina diaidh a cip is a meanaithí is bhailigh léi siar abhaile.’

‘Tá scata anois ag caoineadh i triúin le chéile
Is scata eile fós ná caoineann ar eagla a chéile.
Beag beann orthu go léir éiríonn fear an nuallghubha as,
Cuimlíonn a aghaidh lena chiarsúr
Siúlann ag breá socair tríd an slua
Is éalaíonn óna lucht leanúna siar i ndiaidh na gréine.’


Ní raibh de scéala ón nDaingean an tseachtain seo
Ag bean na nGort nDubh
Ach go raibh fear na caointeoireachta éirithe as
Chomh neafaiseach le fear na dtrí cártaí ag ráiseanna Fionn Trá.
Ach dúirt fós go mbraith sí féin beagáinín athraithe
Faoi mar bhraith sí tar éis teacht abhaile ó Lourdes
Ach nár dhóigh léi go mairfeadh sé.

Agus n’fheadar aoinne fós ná ó shin
Canathaobh ná aon ní mar gheall air
Ach go bhfuil an magadh tagtha go leaba an dáiríre.
 


Simon Ó Faoláin

Imbolc

Do dhúisigh mé i gcoim dubhoíche
Diamhar deireanach an geimhridh,
Dhá cúis a bhí leis; gá mo scaoileadh
‘Gus thíos ar san cluinsint ar thorann
Sionnaigh bhaineann fé shionnach fireann
Ar fhothar sléibhe ag bualadh craiceann.

Cúram coirpiúl curtha díom,
D’éisteas leis an screadarnaíl,
Léiriú lom gach uile mhian.
Cluas le soith fé mheáchain gadhair,
Nochtaithe fén bhfuinneog áiléir
Freang fhiantais im’ ionathar.

Craobhscaoileadh beo ó Chnoc a’ Chairn:
Dubhluachra na bliana imithe tharainn.





Mona Claudia Striewe

NYX

a bheil thu a' bruidhinn rium, oidhchedè dh' innseas tu dhomh-sa

a bheil thu a' bruidhinn air aislingean
seòl-mara an anma
am mìnich thu tràghadh is tuil dhomh

's na sgeulan 'sa ghaineimh
a dh' fhàg iad?

a bheil thu a' bruidhinn rium, oidhche
dè dh' innseas tu dhomh-sa

a bheil thu a' bruidhinn air a' ghealaich
rionnag nan sealgar
an treòraich thu mi air an t-slighe

a' dìreadh tron choille
dhan bhlàran?

a bheil thu a' bruidhinn rium, oidhche
dè dh' innseas tu dhomh-sa

a' bheil thu a' bruidhinn air na reultan
litrichean beaga
ann an leabhar mhòr an domhain

an soillsich thu dhomh-sa
an leughadh?



  

.



Home   Prizes2005   Judges2005    Rules and categories   Entry Form    The Philosophy     Why Strokestown?  Sponsors
Map