|
|
|||||||||||||
| Rody Gorman lives in the Isle of Skye. He has published collections in English, Irish and Scottish Gaelic. His selected poems, Chernilo, were published by Coiscéim in 2006. He is editor of the annual Irish and Scottish Gaelic poetry anthology An Guth. | |||||||||||||
|
Draghadh |
|||||||||||||
|
A’ cur le gaoith ‘s a’ draghadh Air a’ Chuan Sgìth, mi fhìn air a’ chlàr, A’ glacadh is a’ sgaoileadh,
A’ tilgeil is a’ tarraing, A’ dol mu seach, Air mo thachdadh, ag aiseag.
Is tu fhèin ga stiùireadh Le sùil agad air thoiseach A’ sgrùdadh na doimhneachd is nan dathan Is do chùl rium fhèin
Is an fhairge cho mòr Is nach tog thu leis an troimh-a-chèile M’ èigh san deireadh: Lìon briste! Lìon briste! |
|||||||||||||
|
Lewis MacKinnon is from Nova Scotia, Canada, where he has been concerned with making Gaelic more than just an historic footnote ever since his grand uncle Dougald MacDougall, a native speaker, spoke Scots Gaelic to him as a teenager. He is now CEO of the Office of Gaelic Affairs. |
|||||||||||||
| Par Pare Refero | |||||||||||||
|
Fhuair mi a-mach gu robh mi ’san Iris Fhrang* o chionn ghoirid a-rithist Ad absurdum…Frang…leis a’ churriculum vitae fhad’ aic’ An tobar ud de Shoillseachadh, dh’ Eòlas agus de bhrosnachadh Agus am modus operandi aice Na mìltean a thig dhan roinn againn air sàilleabh nan duilleagan glioc’ aic’ Semper fidelis dhan aona rùn aice sine qua non Is prime facie nach ann gu buileach ceart ’s a tha i Tha mi ’nam cheannard Air a’ bhuidhinn “Comunn Bàird nan Cànainean Marbh” et cetera, et cetera, et cetera, et cetera Ach tha seans ex officio Ipso facto, cuimhnichibh gur e Frang a th’ ann
Saoil a bheil Frang a’ sgrìobhadh ex tempore Tha e follaiseach gu bheil mise in flagrante delicto A chionn ’s gum bi mi ’sgrìobhadh ’s a’ chànain seo ad nauseam Mea culpa, mea maxima culpa bu chòir dhuinn a’ chànain diabhalta leigeil dol bàs Ach chan fhaigheadh Frang quid pro quo Ged a shaoilinn an tuigeadh Frang quid pro quo ann an cànain sam bith? Bheir mi dhan chànain agam requiem Ach air a’ làimh eile age quod agis a Fhraing Uasail Agus an uair sin bidh i réidh Requiescat in pace
Is ged nach e fear-sabaid a th’ unnam Ach ’s toigh leam an tiotal Lodaidh versus Frang Chan eil alias sam bith eil’ ann Chan ann ach gur unnta excerpta Air naidheachd a chaidh ìnnseadh gu bochd
Ach dh’ fhaodte gur ann a’ Frang An alter ego agam A’ fear a tha ’fiachainn gu cruaidh ri magnus opus ’dhèanadh Ach thug mi ’n aire gur ann vice versa ’s a tha e
Nam biodh e bona fide Cha bhiodh e cho doirbh
Agus res ipsa loquitur Agus gun an tuisge shoilleir seo Ad hoc co-dhiubh Ach leis a’ phost mortem Agus taing do Dhia tha non sequitur ann De mortius nil nisi bonum
Iris Fhrang* = Iris ann an Albainn Nuaidh le fathuinn is cabaireach innt’
|
|||||||||||||
|
Foilsíodh filíocht Simon Ó Faoláin i roinnt mhaith irisí Feasta,
Comhar, An Guth, Cyphers, Irish Pages agus Poetry Ireland
Review ina measc. Bhuaigh sé Duais Cholm Cille i 2008. Bhuaigh a chéad
chnuasach, Anam Mhadra (Coiscéim) Duais Glen Dimplex agus Duais
Eithne agus Rupert Strong 2008.
Simon Ó Faoláin’s poetry has been published in many journals including Feasta, Cyphers, and Poetry Ireland Review. He won the Colm Cille Prize in 2008. His first collection, Anam Mhadra (Coiscéim) won the Glen Dimplex Irish Award and the Eithne and Rupert Strong Award in 2008. |
|||||||||||||
| Ómós do Marcus Aurelius | Translation | ||||||||||||
|
Author’s note: I was unable to produce a satisfactory English translation of this poem. It is written in a loose syllabic verse typical of much Irish poetry, but using a poetic device borrowed from early Welsh englynion poetry. This device involves the juxtaposition in each three-line verse of an initial descriptive element describing a landscape or natural scene, with a following proverbial or ‘gnomic’ element consisting of pithy piece of wisdom. Each element may take up one or two lines of the three line verse. Whether there is any identifiable link – metaphorical or otherwise – between the two elements of the englyn is a matter which has not been satisfactorily resolved by scholars. However, the constant switching back and forth between the natural scenes and the aphorisms creates an oracular tone which [in my opinion] creates a unique effect in the mind of the reader. SÓF. |
|||||||||||||
|
Ómós do Marcus Aurelius aprés Canu Llywarch Hen
Sioc briosc ar rúsc, spéir chruach-liath, Bachlóga dubha ar fuinseog. Slí sástachta gannchuid gnímh.
Titeann fearthainn, gáireann cág. Gealtacht tóraíocht ruda gan fáil, Fós síorchúram amadáin.
Céad bhladhm bándearg ar crann úill. Ná cur fuíollach saoil amú le chogar nimhneach ar cúl.
Ní ghlaonn traonach, glas an fhéir. Braitheann ár gcruinne go léir ar fhir nach dtuigeann iad féin.
Cúr bán, sliocht dhubhcharraige. Feidhmíonn fir áirithe cabhsa áirithe: dosheachanta.
Aitinn sléibhe tré thine. Ní áit olc lár claochlaithe, Ná olc bheith mar táirgeadh dhe.
Cliathán sléibhe, mór an t-achar. A bhí, a bheas: cuimhní neacha i murascaill na síoraíochta.
Dealán tobann, leathann bláth, Bothántaíocht intinn na mbeach. Staon ón aithris; agairt mhaith.
Scamaill bídeacha ag snámh go h-íseal: tréad ceannabháin. Bog fir le h-áiteamh amháin.
Splanc deor drúchta ar dhroim daoil. Ní mar rince ealaín saoil, Is cosúla iomrascáil.
Réabann snag breac uibhe loin. Tarraing ort féin briseadh chroí, Leanfaidh gach fear mar a bhí.
Eitlíonn cuach ar nós seabhaic, Corraíonn giolcach taobh le loch. Gnó súl folláin feiscint cách.
Roiceann raisne barra chuain. An bhfuil píolóta m’anam ag tabhairt féna chúram? |
|||||||||||||
|
Dáithi O hÓgain: Iar-Ollamh le Béaloideas sa Choláiste Ollscoile,
Baile Átha Cliath, é Dáithí Ó hÓgáin. Tá mórán leabhar scríofa aige ar
ábhair éagsúla, ina measc trí leabhar gearrscéalta agus seacht gcnuasach
filíochta.
Dáithí Ó hÓgáin is Emeritus Professor of Folklore at University College Dublin. He has written many books on a variety of topics, among them three collections of short stories and seven collections of poetry. |
|||||||||||||
| Ráite Ós Íseal | A Quiet Statement | ||||||||||||
|
Níl uaim ach a mhíniú duit go bhfuil réimse fuar agus dumhach gainimhe timpeall ar loch uisce ina chruinneán lasta trí dhubhghorm agus é sin go léir ag ciorcalú, ag ciorcalú, agus an dorchacht ar fad lasmuigh…
Gur i lár an locha, os cionn scátha san uisce, atá gallán cloiche neamhchothrom arís dorcha, is a splinc ag díriú in airde ar an spéir dhubh.
Is i ngruamacht na spéire sin go bhfuil dhá ghealach crochta faoi mar a bheidís greanta inti, iad bán is claiseanna gearrtha iontu, is go bhfuil piléir bheaga solais ag geiteadh ó ghealach go gealach acu, agus cuid de na piléir sin ag dul amú agus ag polladh na spéire, ag dianpholladh.
Go bhfuil uisce an locha á lasadh go drithleannach mar éifeacht frithchaite ó spréacha mar iad mar a bheadh fios ar athláimh nó fios ar gan fhios.
Go bhfuil síor-imeacht mar é ag déanamh solais i bhfuar-linn an locha - an loch a ghluaiseann timpeall ina chruinneán dorcha, ansin lasmuigh dínn, ar thaobh eile, ach go mb’fhéidir nach fada uainn, mar go mbíonn ar a sheal ag méadú as cuimse agus ag síothlú arís.
Rún locha, agus den dul seo ní ceist é ná dubhfhocal, ná tomhas ná rúndacht, ná deasa draíochta, ná rith ar intinn, ach saol cruinneáin agus na dúile timpeall.
Níl uaim ach a rá leat go bhfuil seo go léir ann, go bhfuil seo go léir faoi thost. |
I only want to explain to you that there is a cold place and a bank of sand around a watery lake, a goblet lit up through dullish blue and all of that circling and circling, and all the darkness outside…
That in the centre of the lake, above the water’s shade, there is a standing stone awkwardly hewn but dark again, and its spike is reaching up towards the darkened sky.
And that in the sadness of that sky two bright moons are hanging as if engraved in it, they are white but have ridges cut into them, and that there are little bullets of light jetting from moon to moon, and some of these bullets go astray and make deep holes in the impenetrable sky,
That the water of the lake is lit up sporadically as a reflected pulse from sparks like them as though it were wisdom at second hand or the knowledge of not knowing.
That continuous happenings like that reflect light in the lake’s cold pool – that lake that moves around as a dark goblet, there outside of us, on another side, but perhaps not far away, because alternately it is increasing out of all proportion and decreasing again.
Thus the secret of a lake, but at this moment it is not a question, or a mysterious phrase, or a riddle or hidden secret, or tricks of magic, or a mind run astray, but the life of a goblet and of the things surrounding.
I want only to say to you that all of this is there, that all of this is in silence. |
||||||||||||
|
Mícheál Ó hUanacháin was born in Dublin. Six collections of his poetry have appeared to date, most recently Tráchtaireacht ar na Cluichí Móra (1998), dánta . com (2006), and Damhsa Rúnda (2008). Twice editor of Comhar, in the1970s and the 2000s, he was for many years a journalist in RTÉ. |
|||||||||||||
| Díth Cuimhne | Memory Lapse | ||||||||||||
|
Ní cuimhin liom do dháta beireatais.
Cuimhním ort nuair a éalaíonn na loin dubha, dá ndeoin féin, nuair a scoitear do stair mo Chraobh Rua, mo Ruairíochtsa.
Cuimhním, agus nuair a bhíonn coipeadh fola sa phobal go díreach mar bheadh ionat féin, an dochreidteacht, an t-alltacht – mo dhaille, m'easpa tola.
Cuimhním, agus teachtaireacht gan freagra – bailbhe nó bodhaire –
Ach is fada an chéim ó bhaile go baile: bíonn iarmairtí ann is íospairtí is íobairtigh amanna. Tugtar scáileanna uaidh agus fágtar scáileanna ann
Titimid ina chéile óna chéile in aghaidh a chéile
Áit éigin i ndeisceart na Gearmáine nó os cionn na hOstaire, n'fheadar, dhá churcach gaile ag éirí i bhfoirm tarbh na Créite is ag luí ó chéile arís ina lánúin ag pógadh.
Ach tagann ceo idir mé is iad agus nuair a ghealann arís tá an Sava fúm is is gairid gealadh ómrach san oirthear ó dhul faoi na gréine thiar.
Siúlfad arís sráideanna na cathrach ag lorg an chaifé sráide áit ar suíodh oiche go maidin ag plé an domhain – mar a déantar –
Suífead arís os comhair an óstáin amach im aonar cúl-cheol feadaíle im chluais ó dhream ar stailc béal dorais.
Ní cuimhin liom cén cineál toitíní a cheannaíos ann an uair sin.
Ach cuimhním go fóill nach mbíodh racht ná uaillbhreas ná gáir féin asat ag móimint do shúnáis
ach osna beag. |
I don't remember your birth date.
I remember you when the blackbirds fly away, of their own accord, when your history is rent my Red Branch my Ulster Cycle.
I remember, and when hot blood rises in the people as it would in you, the disbelief, the shock – my blindness, my lack of will.
I remember, and a message not answered – deaf or dumb –
But it's a long step from home to home: there are consequences and outcomes and victims at times. Shadows are removed and other shadows left
We fall together from each other into each other
Somewhere in southern Germany or over Austria, perhaps, two plumes of steam rise like a Cretan bull and lying apart again a couple kissing.
But mist comes between me and them when it clears again the Sava below me and soon gold brightness in the east from sunset in the west.
I'll walk again the streets of the city looking for a sidewalk café where the world was debated til morning one night – as you do –
I'll sit again in front of the hotel on my own background music whistling in my ears from a group of strikers up the street.
I don't remember what cigarettes I bought there then.
But I remember still there was no yell or shouting nor even a cry from you at the moment of climax
just a little sigh.
|
||||||||||||
|
Cathal Ó Searcaigh was born and lives in Donegal. He has written many volumes of poetry and won the Irish Times' Irish language literature prize in 2001. His work has been translated into English by Seamus Heaney as well as into other languages. He is a member of Aosdána. |
|||||||||||||
| Trí Choiscéim na Seirce. | |||||||||||||
|
1. Níl uaim, a chroí, ach a bheith ag saothrú créafóg chumhra do cholla; mo mhéara ina mbuíonta fómhair i bpáirc cruithneachta d’uchta, póg ar phóg ag oibriú na gcríoch úd ó do chorróga ionúin go cluthar na gceathrún, óir is tusa, a rún, cion bheag mo dhúthrachta, tír thalaimh m’ansachta, mo fhód dúchais i gcéin.
níl uaim ach cur faoi agus cónaí idir ardmhín do bhrollaigh agus learg do mhásaí; faoi scáth an chrainn daraí mar a bhfuil an t-úll gráinneach i mbláth is ann a b’ionúin liom lonnú; san áit a bhfuil meas ar gach sort ba dheas ann mo ghabháltas, ag lí is ag súrac ó mhíodún go mám; bheadh tarraingt mo láimhe agam de chaor is de chraobh – tá mo neamh faoi do choim.
2. An fear álainn seo i mo bhachlainn, aoibhinn liom mus cumhra a chraicinn. Ná labhair liom ar chumhráin na hAraibe is mé i láthair mo leannáin. Tig a chumhracht thíriúil, a mhus spreagúil ó chre na gcúlchríoch is ó anail an Aibreáin. Tá boladh na spéire agus boladh na húire i mbuí aibreoige a phóige, i gcrann peitseoige a bharróige. Ola ar mo chroí blas olóige a bhrollaigh, boladh almóinne a chorróige.
Nuair atá sé ina luí liom bímse ag deanamh lúcháire as spréach oíche a cholainne – solas glé a ghlúine, an ghealach ag lonrú ina iongan, réalt reatha a gháire. Nuair atá sé ina luí liom is liomsa na Tiarnais, gach dúíl aoibhnis ina chumasc chré. Tig mo bheatha chugam ó ghrasta a bheil is ó shuáilce a ghabhail, ó mhil órga na mbeach i gcuasnóga a bhriathra, óna dhá úll ghlórmhara as a mbainim an sú go cíócrach.
3. Abhainn ag titim le heas atá i dtapú a chroí. Is deas liom luí ar bhruach a chliabhraigh, mo chluas le tuaim an tsrutha, a bhradán beatha ag cuisliú óna leabaidh folaigh i measc na ngiolcach. Nuair a bhíónn sé ag suirí liom éiríonn stoirm i gcnoic a chéadfaí a fhágann é spreagtha ionas gur oíche ghaoithe atá i dtarraingt a anála, gur siabadh sneachta atá i ngealadh a láimhe ar mo chneas. Eisean mo ghabhal gaoil, an t-úll is umhaile ar chrann mo dhúile, an pór a shantaím, an préamh ar a mbeathaím.
Nuair atá sé sínte le mo thaobh níl ríomh ar a bhfuil den chruthaíocht faoi mo réir. Tá iolar i spear a shúil agus nathair i bhféar a ghabhail agus is liomsa ina iomláine limistéir líonmhar seo a cholainne; a bhfuil den domhan ina bharróg, a bhfuil de neamh ina phóg. Aoibhinn liom a bheith ag siúl ó dhoire coille a chin go cinnfhearainn a bhoinn; tír gan teorainn fearainn seo m’ansachta, a bhfuil agam den tsaol agus a bhfuil ag teastáil uaim den tsíoraíocht. |
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||