|
|
|||||||||||||
|
'S ann à Uibhist a Deas a tha Aonghas Pàdraig Caimbeul, ged a tha e
a' fuireach a-nis anns an Eilean Sgitheanach. Tha e air grunn nobhailean agus leabhraichean bàrdàchd fhoillseachadh, agus air duaisean cuideachd a chosnadh mar neach-naidheachd agus mar chleasaiche. Tha e pòsda le sianar chloinne. 'S toigh leis na sgrìobhaidhean aig Kundera, Kafka, Calvino agus Laxness. Angus Peter Campbell is from the Island of South Uist, though he now lives on the Isle of Skye. He has published several Gaelic novels and three collections of poetry, and has also been given numerous awards as a journalist and actor. He is married with six children and greatly admires the writings of Milan Kundera, Franz Kafka, Italo Calvino and Hallrod Laxness |
|||||||||||||
|
Eapaic Thig an tè a chruthaicheas an ath eapaic Ghàidhlig o bhonn na mara. Cha bhuin i dhan talamh. Bidh a h-adhradh sligeach, croimheal. Bidh Mac Mhaighstir Alasdair mar chreig dhi, marbh, balbh. Thig e le a h-òrain fhèin a' sèideadh bholgain-ciùil, ann an ainm Cholm Chille no ann an ainm Tiara Xzing agus bidh a' cànan mar allt an t-siùcair, air madainn chùbhraidh chèit. ~ Epic |
|||||||||||||
|
Celia de Fréine was born in Northern Ireland and now lives in Dublin and Connemara. Her poetry has won many awards, including the Patrick Kavanagh Award (1994), Duais Chomórtas Filíochta Dhún Laoghaire (1996), the British Comparative Literature Association Translation Award (1999), Duais Aitheantais Ghradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (1999) Duais Smurfit/Lá (2003), and Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta (2004). She was awarded Arts Council Bursaries in 1997 and 2000, and Duais an Oireachtais for best play in 2003 and 2004. |
|||||||||||||
| Derbforghail | |||||||||||||
|
Nuair a choscraigh do reo-ghruaig is a chaith do chraiceann arctach a chalóga ar aiteann na háite ní raibh coinne ar bith agat le fuacht na fáilte a cuireadh romhat
Ní hamháin gur thnúthaigh na mná eile dod áilleacht is dod ghrás bhí gráin acu ar an gcaoi aisteach a bhí agat le do chúram a fhreastal gan trácht ar an bhfear a ghoid tú uathu
Thug siad do dhúshlán páirt a ghlacadh i gceann dá ndeasghnátha agus chonacthas dóibh loch sách mór lena smáil a ní á tharraingt uait ag an aer séimh
Níl tú in ann boladh dá bhfuath níos mó ná an faitíos a fheiceáil ina súile is nuair a bhraitheann tú barróg do leannáin níl do chuid focal in ann do theanga a aimsiú le hachainí air gan díoltas a bhaint amach ~
Derbforghail When your ice-hair thawed and your arctic pelt shed its flakes onto the whin bushes nothing prepared you for the coldness of the welcome
Not only did the other women covet your beauty and your grace they despised your strange way of attending to your chores not to mention the man you had stolen from them
They challenged you to take part in one of their rituals and watched as the temperate air drew from you a lake big enough to wash over their sins
You can no longer smell their hate or see the fear in their eyes and when you feel your lover’s embrace your words can find no tongue to beg him not to avenge you |
|||||||||||||
| Pádraig Mac Fhearghusa has published five books of poetry in Irish, and has won the Oireachtas national poetry prize and the open prize for poetry at Listowel Writers week on several occasions. He has also published a history of the Gaelic League in Kerry, and an introduction to the psychology of Freud and Jung, Tóraíocht an Mhíshonais (The Pursuit of Unhappiness). Tá sé ina eagarthóir ar an míosachán liteartha, Feasta, agus ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge faoi láthair. He is editor of the Irish literary monthly, Feasta, and is president of Conradh na Gaeilge. | |||||||||||||
|
Geasa |
|||||||||||||
| Seán Ó Curraoin was born in Freeport, Co. Galway, and now lives in the Liberties of Galway City. He has spent most of his working life as an official translator with the Civil Service. He writes both prose and poetry, and, of his three poetry collections, the most recent is Cnoc na Cainte (Coiscéim, 2003). | |||||||||||||
Loch InseBhí sé ag cur seaca ar feadh coicíse Is bhí Loch Inse ina gloine Bhí sioc go gaineamh rua Is bhí reothalach ar an loch Bhíodh faitíos ar na seandaoine roimh an loch Mar deiridís go raibh loch síúil Is go mbeadh sí ag éileamh a coda dá bhféadfadh sí é Mar nuair a bhí slua ón mbaile Ag baint móna ar a bruach uair amháin Dúirt Aindí go ngabhfadh sé ag snámh théis an ate Isteach leis – ní fhacthas ó shoin e Deirtí go raibh poill dhoimhne lena bruach Bhí muide ag obair ag an am Is dúradh fúinn go raibh muid staidéarach Thosaigh muid ag triáil na leice oighre Ag caitheamh clocha léi Go bhfeicfeadh muid an scoiltfeadh sí Ach d’fhan na clocha ar an dromchla Go tobann bhuail fonn millteach imeachta muid Amach linn ar an leacoighre Amach, amach go lár an locha Agus trasna go dtí an taobh eile Isteach linn ar an Oileán Mór Nár éirigh linn a dhul air ariamh cheana Ach ag breathnú amach air ón mbruach Mhothaíomar inár bpáistí aríst Go suáilceach, gealgháireach Mar bhí an draíocht bainte den loch againn.
|
|||||||||||||
| Peadar Ó hUallaigh was born in Clonmel in 1950. He spent his teenage years in sixties Dublin. During the seventies and eighties he performed traditional music, mostly on the Continent. Most of his poetry was written since 2005 at home on the Dingle Peninsula. Some of the poems have appeared in periodicals and books. Two collections are as yet unpublished. | |||||||||||||
|
Sliabh Alpa Ag tarraingt i gcóngar na binnteacha sneachta, léimeann mo chroí roimh íomhá na háille. Romham, thar an droim, sileann an t-oighearshruth, ag téaltú anuas ós na beanna is airde. Líonann na deora lem' shúile.
Ach ná titeadh fiú braoinín de dheoir bhog áthais, ar dhul in airde dom thar úire an oighir ghoirm. Anois go bhfuil leá á fhógairt lenár linn, ní chuirfinn oiread na fríde leis an gcoscairt chinniúnach atá faoinár mbráid. |
|||||||||||||
|
Is file agus
socheolaí é Pádraig Breandán Ó Laighin. Foilsíodh Ealaín Draoi
agus Adhlacadh Éabha sa bhliain 1990, agus tá bailiúchán nua filíochta
leis ar na bacáin. Chaith sé seal fada i Montréal, áit a raibh sé ina
léachtóir in Ollscoil McGill agus ina cheann ar Roinn na nEolaíochtaí
Sóisialta i gColáiste Vanier. Is Comhalta Taighde é in Ionad Taighde na
hEolaíochta Comhdhaonnaí i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, agus tá
monatóireacht ar siúl aige ar chur i bhfeidhm na Gaeilge mar theanga
oifigiúil oibre den Aontas Eorpach. Pádraig Breandán Ó Laighin is a poet and a sociologist. Ealaín Draoi agus Adhlacadh Éabha was published in 1990, and a new poetry collection is forthcoming. He spent many years in Montréal, where he lectured at McGill University and was head of the Social Sciences Department at Vanier College. He is a Research Fellow at the Social Science Research Centre in University College Dublin, and is monitoring the implementation of Irish as an official working language of the European Union. |
|||||||||||||
|
Oileán na nGael
Seo Grosse-Île Oileán na nGael l’Île des Irlandais (1832-4)
Seo oileán na dtríochaidí Cuan an Chalair ansin amuigh mar ar éag mórán Gael a ling de longa lena slogadh ag gaineamh súraic Seo oileán na mílte gan ainm a cailleadh sa deichniúr sin
Seo Grosse-Île Oileán na nGael l’Île des Irlandais (1846-7)
Seo oileán an Ghorta Mhóir oileán na long mar chónra chláir amuigh ar an gcuan ar stad gan suan cois ula na n-íospartach Is oileán leis lucht páirte an ghrá i ngníomh ar tír
Seo Grosse-Île Oileán na nGael l’Île des Irlandais
Seo oileán na n-iomairí leathana a chumhdaíonn claiseanna chorp na ndaoine a madhmadh as alt as cnoc as gleann Oileán giniúna chlaochlú tíre dá ngairtear Ceanada
Seo Grosse-Île Oileán na nGael l’Île des Irlandais
Oileán na nGael i bhfad ó thír a ndúchais is a mbuandoilís inis sheodmhar seirce a d’iompaigh ina hárthach síothlaithe dá raibh ag súil le muir fhlaithiúil ach gur in uaigh a rángadar
Seo Grosse-Île Oileán na nGael l’Île des Irlandais (1996)
Inniu cois cuain cois croise móire briathraímid bhur n-ainmneacha mar shuan sí bhur muirniú ó thromluí géar chun a rá linn go leomhtar dúinn na seolta a ardú an athuair
Grosse-Île, Québec |
|||||||||||||
|
|
|||||||||||||